11 April 2019

10/04/2019 - An tarpól

Chuas síos go dtí an clós inniu chun cóta beag péint a dhéanamh ar an bpíosa seo, ach d'imíos abhaile sara bhfad. Bhí formhóir mo chuspóir sa bhaile inniu.


An tarpól.
Ní foláir dom clúdach báid ceart a dhéanamh as seo.
Ar dtús ghearras scoilt le haghaidh an crann.
Agus ansin ar ais go dtí an clós leis chun é a ofráil suas.
Ghearras scoilteanna eile le haghaidh na scriútaí agus dheineas marcanna éagsúla eile.




Abhaile arís liom agus thosnaigh an obair i ndáiríre.
Mo chomrádaí san iarnóin.
Dob é seo mo chéad uair ag úsáid an inneall fuála, ach d'éirigh ceart go leor liom. Bhí an tarpól trom seo an-righin agus deacair le láimhseáil, agus bhí sé thar a bheith deacair na greama a chuir isteach go díreach agus go néata.
Tá súil agam go mbeidh na seolta níos fuiriste ná seo!

Agus mo chomrádaithe an lá ar fad.

Thóg sé tamall liom éirí cleachta leis an "Speedy Stitcher" nú meana fuála seo.
Ach tar éis tamall bhíos ag déanamh dul chun cinn.

Agus ag an deiridh - súilíní.




An-chuid eile le déanamh amárach.

No comments:

Post a Comment