08 April 2019

08/04/2019 - Cursaí ag teacht le chéile


Do bhí neart rudaí éagsúla san aer agam le roinnt lae anuas, ach tháinig cuid maith acu le chéile inniu.

An chéad rud ná cóta péint ar an mbosca.

Ina dhiaidh sin bhíos ábalta na lasca agus araile a fheistiú thar an péint atá nach mór tirim. D'fhágas mar sin iad le tamall, ag iarraidh go triomóidh an péint beagán níos mó.

Agus mé ag obair in aice leis, chinneas an cábla rialaithe a ghiorrú. An ceann a cuireann stop leis an inneall is ea é seo - ní thig liom na cinn eile a ghiorrú. Tá an ceann seo cosúil le cábla ar choscán rothair, ach níos láidre áfach, agus d'éirigh liom é a sciotadh.

Nuair a bhíos in CH Marine cúpla lá ó shin, chonac go raibh scudail ¾" acu. Bhí ionad orm fé sin, toisc go rabhas ceann ordaithe agam uathu, agus ní dúirt siad liom go rabhadar tagtha isteach. Is cuma, phiocas suas ceann agus anois táim réidh lena feistiú.
An chéad rud ná dheineas poll beag tríd an chabhail le béalmhír caol.
Ansin d'úsáideas béalmhír sluasaid chun an fíor poll a thosnú ón taobh istigh.
Chuas amach ansin agus bhíos in ann an poll stiúrach a fheiscint ón taobh amuigh. Chuas díreach isteach ansin leis an mbéalmhír sluasaid.
Agus bhí an poll déanta go deas néata. Ach bhí sé róbheag. Ní raibh ach béalmhír 25mm agam ach bhí poll 26mm nú 27mm ag teastáil. D'úsáideas raspa chun an poll a leathnú.
Ansin bhíos ábalta an seafta a chuir tríd.
Dúirt Kevin O'Farrell liom gur chuireas an scudal seo isteach droim ar ais, agus b'fhéidir go bhfuil an ceart aige. De gnáth bheadh an píosa cóir lasmuigh ar an gcabhail, agus an cnó taobh istigh - ach mar sin bheadh an stopallán lasmuigh freisin, mar a bheadh ar long, seachas ar bhád.
Bheadh sin ceart go leor más rud é go raibh an stopallán chomhréidh leis an bhfeistiú, ach níl. Bheinn buartha go mbéarfaidh cluas an stopalláin ar rud éigin agus tarraingeofar an méid go léir amach as an gcabhail.

Pé scéal é, sin mar atá sé anois. Beidh an Sikaflex trim amárach agus bead ábalta an píosa breise a sciotadh siar ansin.

D'fhilleas go dtí na leictricí ansin.
Bhí an-chuid deacrachtaí agam ag athcheangail na sreanga. Bhí siad measctha suas go huafásach agus phléascas cúpla fiús nú trí.
Cé go raibh na sreanga beo, bhí spréacha ag eitilt ó am go chéile, agus ba bheag nár tháthaigh mé mo chastaire leis na teirminéil aibhléise.

Ach, ag an deiridh, d'éirigh liom.

Chuireas dhá fiús lainne isteach sa bhosca fiúis, agus go tobann bhí na gléasanna beo!


Rud amháin fós a bhí le déanamh ná fochóta péint a chuir ar an mbosca roimh imeacht.

No comments:

Post a Comment