03 April 2019

03/04/2019 - Timpeall an innil arís


An chéad rud inniu ná na sreanga a chuir idir an anóid agus na príomh comhbhaill miotal.
Thugas fé deara ródhéanach ba chóir dom sreang dubh a úsáid, toisc ná fuil na sreanga seo beo.
Greamaithe leis an bhfeadán seafta.
Agus ceann dubh (deacair le feiscint) greamaithe leis an inneall.

An chéad jab eile na na leictricí a dhéanamh arís.

Chaithfidh gach ceann dul ar ais insan áit ceart. Chuireas cúpla mairc orthu le cabhrú liom.
Seo an píosa nua.
Agus anois ní foláir dom gach rud a fheistiú leis.
Conas nárbh fhéidir liom an ceann nua a chuir air cothrománach? 😩

Tógfaidh sé tamall an píosa sin a phéinteáil, mar sin leanas ar aghaidh ag ath-feistiú an luamhán Morse.
Arís ní rabhas sásta leis an jab anuraidh. Obair tapaigh agus garbh a bhí ann.
I mbliana táim ag déanamh bosca, agus rachaidh an sás isteach ann.




Sin é inniu é.

No comments:

Post a Comment