09 April 2019

09/04/2019 - An crann

Do bhí an Sikaflex trim ar maidin, ceart go leor, ach dheineas beagán péinteáil ar dtús.

Cóta péint lonrach ar an mbosca, agus bhíos ábalta an luamhán a chuir le chéile arís tar éis tamall ag triomú.

Fós ag péinteáil, seo é bun-phíosa le haghaidh áit nua an caidéal ruma.

Bhí focail Kevin ag bualadh i mo aigne agus mé ag gearradh an píob anseo, ach ní thig liom an píosa eile a chuir lasmuigh gan stopallán cóir.
Más rud é go raibh sé mar seo, nú mar seo, nú seo, seachas mar sin, bheadh sé ceart go leor, ach níl sé.
 

An chéad rud eile anois ná an tarpól a bhaint de tar éis an geimhreadh.
Ní thig liom an crann a sheasamh agus an tarpól ann!

Thapaigh mé an deis beagán eapocsach a chuir isteach sa craic a oscail in aice an pláta scriúta.

Is cosúil gur bhris mé mo cheamara caoi éigin agus mé ag gearradh an píob sin. Bhí an ceamara sin agam tríd an tionscadal seo ar fad, ach cé go raibh sé clúdaithe le péint agus eapocsach agus an scáileán leath bríste le tamall, lean sé ar aghaidh mar saighdiúir. Ach anois tá sé in am de éirí as.

Níorbh fhéidir liom fótagraif a ghlacadh le linn an chéad céim eile.
Ghlaoigh Liam ar Paddy agus Leo agus le chéile d'ardaíomar an crann isteach sa bhád agus sheasamar suas é gan aon agó.
Seachas cúpla soicind útamáil, shuigh sé isteach go compordach sa cheap treo.
Bhíos ar bís nuair a chonac é ag ag sleamhnú isteach, ach bhí a fhios agam bun láithreach go raibh fadhb agam.
Bhí sé soiléir ar an bpointe boise go raibh na scriútaí rófhada.
Thugas fé deara go gairid ina dhiaidh sin go raibh siad ar an fad foirfe, seachas gan bearna i gcomhar na láinnéir. Bhí mo thomhais agus mo thriantánacht foirfe - ach dheineas dearúd ar rud amháin ríthábhachtach.

Le díomá ar mo chroí, leanas ar aghaidh ag feistiú an stagh tosaigh. Bhí cúpla pholl le ghearradh sa phost tosaigh de.
Bhí fad an stagh tosaigh nach mór foirfe, b'fhéidir cúpla orlach ró-ghearr, ach go hiomlán inghlactha.

Cheanglaíos na scriútaí leis na plátaí pé scéal é, lé fáil amach cad eile a bhí le déanamh.


D'ardaíos an gheaifil le feiscint conas a bhí an rigín reatha ag feidhmniú agus araile.
Bhí go maith, agus ní raibh go holc.
Cúpla mion-oiriúnú anseo agus ansiúd, agus beidh sé ceart go leor, ach bíonn mo shúil i gcónaí ag teacht thar n-ais go dtí an tubaiste sin leis na scriútaí. Táim ar buile fé.

D'imíos abhaile le croí trom, agus maidir le mo cheamara, tá sé fós ag iarraidh a phost a dhéanamh, ach i ndáiríre tá sé ar an dé deiridh.







No comments:

Post a Comment