04 April 2019

04/04/2019 - Leictreacha agus an luamhán rialaithe

Fós ar na leictricí inniu.
Táim ag iarraidh busbarra agus fiúschlár a chuir isteach ar son na córais tánaisteach. Táim buíoch as Andy Doolan a thug an-chuid tacaíocht dom agus mhínigh córais 12V ar fad dom.
Téann an busbarra go dtí an pol diúltach ar an gcallaire. Bíonn gach pol diúltach ar na gléasanna ar fad ceangailte leis an busbarra.
Téann an fiúschlár go dtí an pol deimhneach ar an gcallaire. Bíonn gach pol deimhneach ar na gléasanna éagsúla ceangailte leis, agus téann siad tríd na fiúsanna ar ais go dtí an callaire.



Sin déanta, ar ais go dtí an luamhán.
Ar dtús bhíos ag ceapadh go mbeinn ábalta mo bhosca a scriúáil  go dtí na frámaí, ach ansin bhíos buartha nach mbeadh sé sách láidir. Chinneas píosaí tacaíochta a chuir ann freisin.



Ceapaim go bhfuil sé seo beagán ró-chasta.
Tá an poll seo ró-íseal, ach déanfaidh sé an jab.


Agus an rud deireanach ná cóta prímeálach ar na píosaí adhmaid nua.




No comments:

Post a Comment