06 February 2021

06/02/2021 - Na preabáin móra réidh. Ag tosnú na preabáin beaga le haghaidh na réabáin.

Chríochnaíos na greamanna go léir ar an dtriú chúrsa inniu.
Tá an-chuid clupaidí ann insna preabáin ar fad, ach táim súíl agam go shínfidís amach réidh nuair atá an seol in úsáid, toisc go bfuil an t-éadach chomh bog.
Tá dóchas agam ar aon nós.



Leis na preabáin déanta anois, braithim go bhfuil an fuáil nach mór réidh, ach tá cinn beaga fós lé déanamh chun na réabáin a thacú.
Bhíos idir dhá chomhairle le tamall fada an chuirfinn réabáin ann nú súilíní oibrithe (worked eyes sa Bhéarla) amháin. Ag an deiridh, chinneas súilíní prás a úsaíd. N'fheadair conas a bhí siad déanta ag na gliomadóirí céad bliain ó shin, ach fiú ag an am san, ceapaim nach mbeadh costas ard bainteach le súilíní beaga prás, mar sin tá gach seans gur úsáideadar iad.
Pé scéal é, tá an cinneadh déanta agam anois, agus ba mhaith liom 10 réabán a chuir i gceann an tseoil.
Mar sin, thomhaiseas an fad agus roinneas ag a 11 é. Thug sé sin bearna 38cm (beag nú mór) idir gach ceann.


Ansin, thosnaíos ag gearradh amach 10 bpíosa anairt leo.

Agus seo an chéad ceann réidh le dhul ar an tseol.



Agus sin an chéad ceann déanta.
 




No comments:

Post a Comment