16 February 2021

15-16/02/2021 - Ag leanúint ar aghaidh leis na gcringligh ag an gcluaisín agus an chéad chúrsa.

Droch lá a bhí ann Dé Luain, agus ní raibh mórán ama agam le chaitheamh ar an tseol, ach mar sin féin, bhíos ábalta an súilín oibrithe ag an gcluaisín a chríóchnú.


Inniu (Dé Máirt) bhí cúrsaí beagán ní b'fhearr agus dheineas roinnt dul chun cinn.

Bhíos buartha fé cruth an tseoil ag an gcluaisín agus mar sin chinneas ar phíosaí beaga téad a chuir idir an tsúilín agus an aighre.



B'fhéidir ná fuil sé foirfe slachtmhar, ach tá sé daingean go leor agus réasúta láidir, measaim.
Agus ansan an taobh eile.

Ina dhiaidh sin bhí beagán daingniú ag teastáil ag an lúbóg. Dheineas seáirseáil ann le mairlín, ach ní rabhas ábalta na "frapping turns" (castaí fáiscthe?) a dhéanamh leis.

Chuireas castaí fáiscthe ann le ruóg cnáibe.
Cé nach rabhas cinnte fén gcringleach cluaisín so, tá mo chuid múinín ag éirí as anois. Braitheann sé láidir agus righin, agus táim ag súil go mór lena úsáid go luath.

Roimh aon rud eile, dheineas an trasfhuáil ag an gcluaisín, mar a bhí éilithe ag an ndearadh.

Ansin chuireas caoí ar an gcringleach a bhí déanta mícheart agam roimhe so, agus dheineas iarracht é a neartú le leathar.

Nílim sásta leis an tortha ar chor ar bith. Ní foláir dom é seo a dhéanamh arís.


No comments:

Post a Comment