18 February 2021

17/02/2021 - Cringligh.

Ní rabhas sásta leis an gcéad chringleach a dheineas inné agus chinneas é a ghearradh de. Mar a tharlaíonn, bhí sé deacair go leor é a bhaint de, fiú leis an scian.


Ansin dheineas an cringleach corónach arís, ach an uair seo léigheas na treoracha chomh maith le féachaint ar na pictúirí.




Agus ansan an saothar leathair.
Tá sé seo níos deacra ná a cheapfá. Nuair a ghearrtear an leathar bíonn se chomh mór tá sé deacair é a chuir isteach i bpoll an cringligh. Cheapfá go bhfuil sé i bhfad ró mhór. Ach de réir a chéile, le linn an fuáil, tugann tú fé ndeara ná fuil sé ró-mhór in aon chor, déanta na fírinne is ar éigin atá sé dóthain mór.
Tá so níos fearr ná mo chéad iarracht, agus nílim chun é a athdhéanamh, ach tá súil agam go mbeidh na cínn eile níos fearr ná so.

An chéad rud eile le déanamh ná na súilíní oibrithe le haghaidh an tarna chúrsa.
Táim ag déanamh na cinn seo níos lú ná na cinn roimhe so. Tá an pritil so 13mm ar leithead, agus bhí an chéad ceann 17mm ar leithead.


Ag an deiridh, tá an poll timpeall 15mm ar leithead, agus do bhí na cinn roimhe seo timpeall 20mm ar leithead.






No comments:

Post a Comment