12 February 2021

12/02/2021 - Tús an obair théide

Táim ag úsáid rópa cnáibe le haghaidh an aighre. Tá sé 10mm ar tiús, agus ceapaim anois go bhfuil sé ró-éatroim. Chonac sean-fótagraif de húicéir ar Facebook le déanaí agus bhí an aighre acu ar a tseol mór i bhfad ní ba thuibhe  - b'fhéidir 18mm nú 22mm fiú.
Bhuel, pé scéal é, seo an téad atá agam anois agus ní mór dom leanúint ar aghaidh leis.
Shíneas amach an téad ar feadh seachtain le meácháin, ach dheineas dearúd fótagraif a thógaint.

Ar an gcéad dul síos, bhíos ag ceapadh go mbeadh an aighre ag dul timpeall cuimhas an tseoil ar fad, in aon théad fada amháin, ach tar éis an leamh agus taighde atá déanta agam, tuigim anois nach ndéantar mar sin é.
Beidh dhá théad ann - ceann fada amháin a théann suas an leithead tosaigh agus ceann an tseoil (agus timpeall na cúinní beagán), agus ceann eile ag an gcluaisín agus suas an leithead deiridh chomh fada leis an triú chúrsa.

Leagas amach an tseol arís ar dhroichead na loinge agus thairgeas suas an téad chuig an ciumhas, agus ghearras é ag na faid chearta.


Thuas ar chlé, ceann an tseoil, sa lár an leithead tosaigh, agus ar dheis an stuaic.


Thuas ar chlé, an cluaisín agus an leithead deiridh. Ar dheis, an cluaisín agus an bun.


Ansin chuireas lipéadaí ionas nach mbeidh aon dul amú amach anseo.





Leis na téadaí gearrtha agam, shíneas amach iad gan aon teannas, gan aon chasnóg - mar a bheadh siad "marbh".
Ansin chuireas línte ar fud a bhfad. Beidh sé seo ríthábhachtach nuair a bhead ag fuáil chun cabhrú liom gan aon lúb nú casnóige a chuir iontu.



Beagáinín ullmhúchán le déanamh ar dtúis.
Tugtar "rat's tail" nú "rattailing" i mBéarla ar an bproiseas seo chun críoch an téad a chaolú, ach níor éirigh liom tearma Gaolainne a aimsiú de.






Thosnaíos leis an dtéad gearr ar dtús, agus anois táim an-sasta gur chinneas é sin.
Nuair a léigheas an t-alt seo thíos ó Bowker agus Budd, cheapeas go rabhadar á rá nach téann an fuáil ach timpeal dual amháin, agus an dual amháin sin i gcónaí.


Ach go gairid ina dhiaidh tosnú, thugas fé dears go raibh rud éigint mícheart.
Ní raibh na greamanna seo cosúil le aon seol atá feicthe agam cheanna.


Cuardach tapaidh ar líne agus bhí a fhios agam conas a chuas ar strae.
Téann an snáithe timpeall dual amháin, ceart go leor, ach bíonn greim timpeal gach dual sa téad, mar seo...




Rud eile a bhí mícheart agam ná nach rabhas ag dul are an treo ceart, Bhíos ag fuáil ó chlé go deis, bheadh sé níos éasca dul ó dheis go clé. Sin, nú bhíos ar an taobh mícheart den oibre - sa phictúirí thuas, tá an saol ar an taobh eile den seol ná me.

Mar sin féin, dheineas iarracht caoi a chuir ar an meid oibre a bhí déanta agam cheanna.
Ag an deiridh tá sé beagáinín gránna, agus b'fhéidir go mbeinn níos fearr tosnú arís, ach pé scéal é, leanfad ar aghaidh mar atá.




B'in an deiridh leis an inniu. Leatharshaothar le déanamh amárach!

Aguisín:

Cé go bhfuil fótagraif glactha agam den seol ar fad leagtha amach, tapód an deis achar an tseoil a thomhas.


52 x (0.6 x 0.6) = 18.72m² (tá sin nach mór go díreach 200 ft²).

No comments:

Post a Comment