11 February 2021

10-11/02/2021 - Preabáin na réabán ar an leithead tosaigh.

Leis an ceann déanta, thosnaíos ar an ciumhais tosaigh.
Ní rabhas cinnte cé mhéad súilíní réabáin atá ag teastáil anseo. Caithfaidh an téad réabáin dul timpeall an crann gan a bheith ró-chúng, dá bhrí sin caithfidh na súilíní a bheith sceaptha réasúnta maith óna chéile.
Tar éis beagán féachaint agus tomhas agus féachaint arís, chinneas ar chúig chinn a dhéanamh.




Saghas éigin 'líne tháirgthe' atá ann leis na preabáin seo anois!


Agus seo iad críochnaithe anois.





Sin an deiridh leis na preabáin ar an tseol mór anois (agus nach mise atá sásta fé sin!). 
Tá an-chuid fuáil fós le déanamh, ach as seo amach bead ag fuáil téide.

No comments:

Post a Comment