13 February 2021

13/02/2021 - Ag leanúint ar aghaidh leis an aighre.

 Le tamall anuas bhíos ag smaioneamh conas na cringligh a dhéanamh.
Ar sheol nua-aimseartha bheadh cringligh le fáinní cré-umha né cruach dhosmálta ann. Táim réasúnta cinnte nach mbeadh a leithéad ag na gliomadóirí céad blian ó shin, ach cén sórt cringligh a bhí acu mar sin?
Is féidir nach raibh acu ach réabán téid (groiméad) mar súilín oibrithe. Bhí sé ar intinn agam cringligh mar sin a dhéanamh, cé go rabhas beagán buartha nach mbeidis ró-láidir nú b'fhéidir ró-mheatach. Ach cúpla lá ó shin do chonac an pictiúr seo thíos ar an idirlíon. Tá réabán téid ann, ach úsáidtear nirt an aighre féin freisin. Dearfainn go mbeidh sé níós láidre ná réabán téid amhain.
Triailfead as an ndearadh seo ceapaim ag an stuaic agus ag an gcluaisín. Triailfad as réabáin téid amháin ag an trót agus an taca.

Ceacht an lae inniu - ná chaith sean-pheire bútais amach riamh!

Ní foláir an leathar a chuir ar maos go mbeidh sé solúbtha agus éasca le hoibriú. Chomh maith le sin, borrann sé insan uisce agus má tá sé oibrithe fluich mar sin, nuair a thriomaínn sé arís, crapfaidh sé beagán agus beidh sé breá teann ina dhiaidh.
Ag gearradh amach an meid atá ag teastáil.

Ag réamhullmhú na poill. Níl meana agam anso, ach déanann tairne agus casúr an jab céanna.
Agus ansin thosnaíos ag fuáil é. Níor dheineas greamanna fhrancach ná greamanna "virgule" mar a dheirtear sa dhearadh thuas, d'úsáideas saghas greamanna lasctha.
N'fheadar an mbeidh na gramanna siúd dóthain láidir - b'fhéidir go ndéanfainn sraith greamanna eile amach anso.
Chím anois freisin go bhfuil trasghreamanna acu ar an aighre in aice an cúinne. B'fhéidir go ndéanfainn é sin freisin - tá ciall leis.
Nílim róshásta leis na torthaí anseo. Tá an cluaisín tarraingthe caoi éigin.
Nílim cinnte, b'fhéidir go mbeidh sé ceart go leor ag an deiridh. Tá an-chuid fós le déanamh ann.

Leanas ar aghaidh leis an aighre ansan, agus bhíos i bhfas níos sásta leis na greamanna anso ar an gciumhas deiridh.
Nuair a shroicheas an chéad chúrsa, thógas sos ón bhfuáil agus dheineas dhá shúil dhualach as mairlín agus mharcálas ar na spotaí cearta iad.


Leanas ar aghaidh leis an bhfuáil ina dhiaidh sin. Tiochfad ar ais chucu ar ball.



Nach mór críochnaithe, bhí "eireaball francaigh" eile de dhíth, ach sin é inniu é.





No comments:

Post a Comment