14 February 2021

14/02/2021 - Súilíní oibrithe 7 cringleach corónach

Phiocas suas inniu díreach cá bhíós inne, agus chríochnaíos an "eireaball francaigh" ar an aighre.


Go gairid ina dhiaidh sin, bhí an fuáil réidh ar an aighre (bhuel, an chéad píosa de).

Táim réasúnta sásta leis. Tá cuma seoil ar an gcairn ceirte seo anois!

Mar sin féin, níl tá an-chuid fós le déanamh. D'fhilleas ar ais chuig an chéad chúrsa agus an cringleach atá le déanamh fós ann.
Ní foláir dhá súilín oibrithe a dhéanamh ar dtús, agus ansin an "cringleach crónach ocht páirte" (cé go mbeidh sé déanta as dual téide amháin).



Seo iad na súile dhualaigh a dheineas inné. Nuair a fhuáiltear timpeall an poillín iad, bíonn súilín oibrithe ann.

Do bhí ionadh orm cé chomh righin agus docht is a bhí na súilíní oibrithe, fiú agus ias déanta le ábhar chomh bog agus solúbtha mar mairlín.

Tá sé soléir le feiscint go bhfuil ceann amháin níos mó ná an ceann eile. Is trúa é - seachas sin bheinn an-shásta leo. 
An chéad uair eile, ceapaim go ndéanfainn an dá cheann beagán níos lu ná seo.



Leis na súilíní déanta, bhíos ina ann leanúint ar aghaidh leis an cringleach corónach.
Tá tathaí fada agam le saothar téide, ach níor dheineas cringleach mar seo riamh roimhe so. 
Ag féachaint ar na treoracha sa leabhar, bhíos ag ceapadh go mbeadh sé beagáinín deacair, nú casta, ach le beagán tástáil agus earráid thugas fé ndeara go raibh sé éasca go leor i ndáiríre. (Níl sé sin le rá go bhfuil sé láidir go leor freisin).








Agus mé ag féachaint ar na fótagraif anois, tugaim fé ndeara ná fuil na duail curtha isteach i gceart ag an deiridh. Ba cheart dom iad a chuir fé dha dhual ar dtús, agus ansin os cionn ceann amháin agus fé cheann eile, agus mar sin. Chaithfidh siad dul leis an bhfí, seachas in aghaidh an fí (mar is gnáthach le splaghasáil).
Déanfad arís é!

Ach sin jab do lá eile, tá an súilín oibrithe ag an gcluaisín tosnaithe agam, agus críochnód é seo roimh aon rud eile a dhéanamh (nú athdhéanamh).
Nílim ró-shásta leis an tsúilín dhualach seo ach oiread, ach ta sé deacair é a dhéanamh go néata agus é chomh beag so.


Ró-dhéanach lena chríochnú inniu. Lá úr amárach.


No comments:

Post a Comment