19 February 2021

19/02/2021 - Deiridh le cringligh na cúrsaí.

 An scéal céanna arís inniu. Dheineas an tarna súilín oibrithe le haghaidh an cringleach ar dtús.


Agus ansin mo cheathrú iarracht cringleach corónach a dhéanamh i gceart. 
An uair seo, leanas na treoracha céim ar chéim, agus ceapaim (ag an deiridh) go bhfuil sé ceart agam.
Mar sin féin, táim fós ag déanamh praiseach den truaill leathair.


Agus so é an ciumhas deiridh, le ceithre chluaisín, an phríomh cheann, agus cluaisíní an chéad, tarna agus tríú chúrsa.


Agus leis sin, d'fhilleas ar ais ag obair ar an aighre. 
Chinneas tosnú ag an dtaca ar dtús, agus amach ar an dá threo as san.


B'fhéidir go dtabharfá fé ndeara go bhfuil rud éigin ait anso. Cén fáth ná fuil an aighre díreach ar imeall an tseoil?
Bhuel, thugas fé ndeara tamall ó shin, (siar san óstán corantín), nach raibh cruth an tseoil ceart, ach go háirithe sa naprún. Seachas a bheith in aon cuar cóir amháin, bhí sé ag casadh siar air féin, in aice an taca go háirithe, ach in áiteanna eile freisin.
Dheineas iarracht é a choiriú beagán leis na bandaí neartaithe, ach fós ní rabhas sásta leis.
Tá súil agam go mbeidh sé beagán eile níos córa fós, tar éis an gearr bealach seo a thógaint ag an cúinne. Tá mo mhéara crosach ar a chéile agam ar aon nós!





 





No comments:

Post a Comment