16 June 2016

16/05/2016 - Ag críochniú an stráca mí-ámharach agus ag tosnú an chéad ceann eile.

Bhí an chuid eile den stráca sin sách furasta agus leanas ar aghaidh mar is gnáthach.




Ach is cosúil go rabhas ag dul ró-thapaigh, nó nach rabhas ag tabhairt dóthain aird mar dhruileáil mé poll sa phlanc i gcomhar tairne agus níor aimsigh mé an fráma taobh thiar de ar chor ar bith! Nach mise an t-amadán.
Bhíos ábalta é a chuir i gceart go tapaigh, ach ag an am céanna caithfad a bheith níos cúramaí as seo amach.




Ina dhiaidh sin bhí sé in am an chéad stráca eile a thosnú. Thosnaíos mar ba gnáthach, ach bhí a fhios agam go mbeadh an ceann seo difriúil. Mar gheall ar an botúin a dheineas leis an stráca roimhe seo bheadh bearna nó poll ollmhór má dheinfinn an stráca seo leis an gnáth cruth. Bhí orm an spiling a dhéanamh ar dtús ar aon nós, ach ina dhiaidh sin bheadh comhairle agus cabhair Liam ag teastáil.

Ar an gcéad triail ní raibh Liam sásta leis an spiling. Bhí sé ró-dhíreach ar fad agus bhí a fhios aige nach raibh sé ceart.


An tarna uair bhí cruth i bhfad ní ba dheise air agus chaith Liam tamall liom ag iarraidh na leitheadaí don planc a leagan amach i gceart leis an slat fada. Súil agus taithí an saineolaí atá i gceist anseo, ag fáil réiteach do mo chuid ciotaíl.





No comments:

Post a Comment