08 June 2016

08/06/2016 - An planc damnta athdéanta.

Thosnaíos leis an bplanc sin arís ar maidin. Bhíos ní ba thapúla an uair seo.



Thugas fé dheara inné nach raibh an bun ar an gcuid eile den stráca ceart agus bhí orm é a laghdú beagáinín. Tá an poll fágtha ón tairne sa phlanc bríste le feiscint chomh maith.

Bhíos i bhfad ní ba chúramaí ag fáscadh an planc isteach an uair seo!





Hurá! D'éirigh liom ceart go leor an uair seo.

Ní raibh an t-am agam chun ceiliúradh a dhéanamh, thosnaíos go díreach ar an gcéad stráca eile, nó is é sin le rá, an stráca céanna ar an dtaobh eile.

Na gnáth fadhbanna le sú-adhmad, cranraí agus araile.


Gearrtha amach, réidh le feistiú amárach.

No comments:

Post a Comment