24 June 2016

24/06/2016 - Stráca eile tosnaithe. Dul ag féachaint ar adhmad.

Tá mo shaoire beagnach imithe agus ba mhaith liom an stráca seo a chríochnú roimh dul ar ais ag obair, bheadh an bád deas siméadrach ar a laghad!
Cosúil leis an gceann deireanach ar an dtaobh clébhord, beidh an stráca seo leathan, cam agus le cuas mór ann.

Tá cuma ceart go leor air agus é gearrtha amach, anois ní foláir dom na beibhil a chuir ar an imeall.


Ní raibh an spiling ró-dhona.
Ach ní raibh sé foirfe ach an oiread. Cúla spota chruaidh le choiriú ar dtús.

An cuas snoite amach agus an bun líneáilte amach.
Roinnt maith cóiriú ar an bpost agus na frámaí.


Le tamall anuas bhíos ag iarraidh adhmad breise i gcomhar an plancra. Tá mo chairn Dhúghlais beagnach ídithe agam. Bhíos ag plé le Donal O'Laoire le trí mhí anuas fé cúpla omhna learóg a fháil uaidh, ach in ainneoin a chuid gealltanais níl an t-adhmad agam go fóill agus tá sé ag éirí práinneach.
Mar sin bhí orm dul á lorg in áiteanna eile agus inniu chuas féin agus Liam chun cuairt ar Josh Mortimer i nDrom Dhá Liag. Tá omhna Dhúghlais aige a d'fhás in eastát seachas i bhfáschoill, atá breis is fiche troigh ar fad, at breis is nócha bliain d'aois agus le snáithe deas cúng.






Tar éis é a fheiscint mhol Liam dom é a cheannach. Dar leis bead ábalta an bád a chríochnú leis an mbata seo.
I gcónaí ag lorg deis, chonaic Liam go raibh omhnaí daracha ar fáil ann agus chuir sé suim leo.


Tá roinnt bachalla daracha ag Josh chomh maith.


Ar ais ag an mbádchlós do bhí obair fós le déanamh, an planc a lascadh suas.


Na gnáth fadhbanna, ach ceart go leor ag an am céanna.


No comments:

Post a Comment