05 June 2016

03/06/2016 - Ar ais arís

Ar ais ag an mbád clós arís. Gan aon ró-mhoill chas mé ar ab obair agus thosnaíos ar stráca a 5 (an ceathrú ceann toisc ná fuil an stráca uachtair déanta go fóill) ar an dtaobh clébhoird.

An gnáth scéal - ar dtús níorbh mhór dom caolach a chuir suas chun an spiling a thógáil. I ngan fios dom ag an am, dheineas botún mhór anseo. Tá bearna mór idir an caolach agus an stráca ós a chionn soiléir le feiscint sa fótagraif seo. Bhuel, bhrúigh mé suas an caolach ansin chun an bearna a chúngú sara thógas an spiling. Ach d'fhreang sé sin an caolach agus chuir sé an spiling amach.

Ag aistriú an spiling go dtí an clár.




Tógann an-chuid ama an caoi ceart le cuir an caolach chun an sú-adhmad agus cranraí agus scoilteanna a sheachaint.





Ag an deiridh bhíos sásta, nó bhíos bréan ag iarraidh slí foirfe a aimsiú agus ghearras amach an planc.



Plánáil ansin. Líne deas cóir agus cearnógach ag teastáil ar bhun an stráca.


Ag cuir na beibhil ceart ar bharr an stráca.

Ansin níorbh fholáir dom an cuas a chuir isteach in san taobh istigh den planc.

Ach ansin nuair a chuireas an planc suas ar na frámaí bhí fadhb agam. Bhí an bearna céanna ar ais arís, ach an uair seo in san planc nua seachas an caolach.
D'éirigh liom an bearna a dhúnadh leis an saischrampa ach cuirfidh sé seo fadhbanna agus deacrachtaí fé deara amach anseo.

Ag marcáil amach an bun.
Péinteáilte agus réidh le chuir suas amárach.






No comments:

Post a Comment