17 June 2016

17/06/2016 - An planc is castaí go fóil.

D'fhágas an clár marcáilte amach aréir nuair a chuas abhaile, mar sin bhí sé réidh le gearradh amach an chéad rud ar maidin.
Ní rabhas chun an botún céanna a dhéanamh arís agus d'fháisc mé an clár le crampaí le linn an gearradh.

Toisc go bhfuil an planc seo chomh leathan (níos leithne ná gnáth) mhol Liam dom é a fhágáil níos tibhe chomh maith. Beadh orm a lán folú a dhéanamh agus seans go mbeadh sé ró-chaol de deascaibh sin.

In éineacht leis an locar, an uair seo bhaineas triail as diosca flapa ar mo líomhadóir. Úsáideann John an teicníc seo go minic. D'éirigh sé go maith liom ach beidh orm aghaidhmhasc a fháil má táim chun é a úsáid arís - do bhí an deannach uafásach ina dhiaidh.


Cuas deas le feiscint ina dhiaidh mo chuid saothar.


Arís toisc go bhfuil an ceann seo chomh leathan, mhol Liam dom beagán plánáil a dhéanamh ar an dtaobh amuigh den planc. Tá cruth an bháid an-cuartha ag an gcuid seo agus cabhróidh sé seo an cruth sin a chomhad.
Thug Liam lámh chúnta dom an planc a chrochadh ar na frámaí i gceart agus nach mise a bhí sásta leis an spiling an uair seo. Ní raibh sé foirfe, bhí cúpla "spota cruaidh" mar a thugann Liam ar na áiteanna ró-ard, ach bhí sé i bhfad ní ba fhearr ná mo iarracht roimhe seo.


Bhíos buartha nach bheinn ábalta é a tabhairt anuas agus cuir suas arís i m'aonar tar éis na spotaí cruaidh a phlánáil, mar sin dúirt Liam go féidir liom iad a cheirfeáil leis an sábh, ach níorbh fholáir dom a bheith cúramach gan an fráma a ghearradh.

Ní raibh sé ró-éasca agus ní raibh na torthaí ró-shlachtmhar, ach d'oibrigh sé, beag nó mór.
Mhol Liam an planc a fhágáil ar an mbád thar an deiridh seachtaine ionas go tógadh sé an cruth go mall agus scoilteanna a sheachaint nuair a bhead ag tairneáil ar ball.

No comments:

Post a Comment