07 June 2016

07/06/2016 - Clár mallaithe! Mo dhamnú air!

An jab ar maidin ná an clár a d'fheistigh mé ar an Aoine a thairneáil isteach ina áit. Éasca a rá, ach ní chomh éasca le déanamh.
An chéad fhadhb ná rud éigint mícheart ag an bpost tosaigh. Réitigh roinnt beag obair ar an rabóid é sin.







Ina dhiaidh sin d'éirigh go maith liom.



An chéad jab eile ná slat a theannadh suas chun leithead an chuid deiridh an stráca a mharcáil amach.


Agus an slat suas ar na frámaí thug mé fé dheara go raibh an-chuid fairing le déanamh ar na frámaí deiridh (na cinn cruthaithe ag John). Den chéad uair le tamall bhí orm an tál a thógaint amach chun iad a dheisiú in éineacht leis an mblocphlána.

Sin déanta roghnaigh mé píosa clár óna gearrtháin chun an chuid deiridh a dhéanamh. Bhí orm é a chuir tríd an tiúsóir ar an dá thaobh toisc go raibh clais beag ar an dtaobh amuigh. Tar éis trí nó ceithre iarraidh níorbh fágtha ach smál beag.


Ansin leanas ar aghaidh leis an spiling. Ach nuair a dheineas é ní rabhas sásta leis an toradh. Bhí cruth aisteach nó cor mícheart ann. Dheineas é trí uair ach bhí an toradh céanna gach aon uair. Ní sásta go fóill ach gan rabhadh eile leanas ar aghaidh agus ghearras amachmé. Agus iontas na n-iontais bhí an cruth ceart an t-am ar fad!




Ina dhiaidh sin phlánáil mé an cuas amach as an dtaobh istigh de agus phéinteáil mé an prímeálach air.

Ach tar éis an méid obair sin go léir, nuair a chuir mé suas é scoilteadh ina dhá leath é.

Breis is leath lá saothair agus níl aon rud le taispeáint de ach píosa beag adhmad gan maith.
Damnú air!

No comments:

Post a Comment