22 June 2016

22/06/2016 - Planc pléascta amach agus ceann eile ró-thanaí

Leanas ar aghaidh leis an bplanc céanna inniu.

Ar dtús an cuas a thochailt amach.
Ansin é a chuir suas, marcáil na frámaí, tabhairt anuas, agus péinteáil.
N'fheadar cad a bhí ar siúl, ach an chéad uair nuair a chuireas an planc suas luí sé in aghaidh an ceann os a chionn go deas, ach an uair seo níor luí sé chomh deas sin in aon chor.

Bhí orm é a éigniú suas le dingeacha.
In ainneoin cúpla spota cruaidh chuaigh sé suas agus thairneáil mé isteach é.

Ansin an spiling don chuid eile.


Ach ansin thugas cúpla fhadhb fé dheara.
1. Tá bun an planc i bhfad ró-thanaí.
2. Tá an planc os cionn ag brú amach agus níl an tairne ag breith greama ar an bhfráma.

Tá an chéad fhadhb mar gheall ar an tiúsóir - tá sé deacair é a úsáid i m'aonar. Ní mór dom a bheith níos cúramaí as seo amach leis.
Ach an dara fhadhb - droch-chomhartha atá ann. Dar le Liam, toisc ná fuil mo chuid spiling sách maith agus bíonn orm brú go daingean suas ar na plainc uaireanta, tá siad strusáilte agus de shíor ag iarraidh brú amach. Cuireann sé seo imní orm. Má tá cuid maith de na plainc mar seo ní bheadh a fhios agam cathain go mbídís chun phléascadh amach.
Tá súil agam go shocróidís síos ina gcruthanna nua agus thar tamall scaoilfidís an strus.
Fuaireas comhairle as Liam agus mhol sé an planc a ghearradh siar go dtí an chéad fráma eile. Rud a rinne mé.
Ar dtús cúpla thairne eile, ansin líneáil agus gearr go cúramach.
Agus ansin, buail amach. Ansin tóg na tairní amach.

Anseo táim ag fáisceadh an planc isteach chun ceann an tairne a nochtadh.
Ina dhiaidh sin bhíos in ann é a tabhairt amach leis an gcasúir.
An tairne mór i gcomparáid leis an gnáth táille.

Sin socraithe leanas ar aghaidh spiling an cuid eile don stráca.




Críochnód amárach é.

No comments:

Post a Comment