14 June 2016

14/06/2016 - Ag cóiriú na frámaí agus ag tosnú an chéad stráca eile.


An chead jab le déanamh ar maidin ná na cosa a bhogadh síos le go mbeidh spás ar son an chéad stráca eile.



Ina dhiaidh sin bhí an-chuid cóiriú le déanamh ar an rabóid agus ar na frámaí.







Arís bhí a lán le déanamh ar na frámaí deirí. Nílim cinnte cad atá le déanamh chun iad a réiteach, ach go háirithe thíos ag na strácaí íochtair. Ach leanaim ar aghaidh pé scéal é.


Ina dhiaidh sin leanas ar aghaidh leis an spiling den stráca agus mar sin de.





Bhí fadhb nua agam an uair seo - nuair a bhíos ag gearradh amach an planc, agus nach mór críochnaithe, go tobann chualag bloscadh agus scoilteadh an planc gar leis an deireadh.

D'fhiafraigh mé de Liam cad a tharla agus d'fhreagair sé "Tarlaíonn sé uaireanta.". Anois a deirtear liom é! An réiteach ná crampa nó dhó a chuir thart ar an gclár agus é á ghearradh - as seo amach ar na cinn camtha - ach ní raibh aor réiteach leis an gceann seo ach gliú roisín eapocsaigh.

D'fhágas mar sin é leis an oíche.



No comments:

Post a Comment