15 June 2016

15/06/2016 - Ag triail as cúpla teicníc nua.

Chruaigh an eapocsach thar oíche ceart go leor agus bhíos inn ann leanúint ar aghaidh ag feistiú an planc sin.




Bhí an snáithe beagáinín casta áfach agus ní raibh cúrsaí ag éirí ró-mhaith liom ag plánáil na taobhanna caola, bhí an locar ag tochailt isteach, agus mar sin. Ach ansin ba chuimhin liom an físeán seo thíos a chonac ar YouTube tamall ó shin. Féach air ó 5:25 conas a chuireann sé faobhar cearnógach air. Chinn mé triail a bhaint as...


...agus d'éirigh go maith liom! Bhuel, ceart go leor ar aon nós.


Is cosúil go bhfuil an fhadhb céanna agam leis an spiling leis an bplanc seo, ach ní chomh dona leis an gceann roimhe sin.


Ach ina dhiaidh sin chuaigh cúrsaí ó rath. Nuair a chuireas an planc suas ina áit thugas fé deara go rud éigint mí-cheart. Bhí leithead an chéad leath den stráca i bhfad ró-chaol. Bhí sé ceart go leor ón dtransam go dtí timpeall fráma a deich, ach as sin go dtí an críoch ag fráma a cúig bhí sí ró-chaol ar fad. Bhí sé soiléir le feiscint. Níl a fhios agam conas a tharla sé seo in aon chor. Thomhas mé an planc agus chuireas i gcomparáid iad leis na leitheadaí sa leabhar, ach ní raibh aon chosúlacht ann le tomhas ar bith de planc ar bith.
Chuas á lorg Liam chun a chomhairle a fháil ach ní raibh sé le haimsiú sa chlós in aon chor. Agus mé ag fanacht leanas ar aghaidh leis an spiling don chuid deireanach.




Tar éis tamall tháinig Liam ar ais agus dúirt sé go gcaithfidh mé a bheith níos cúramaí as seo amach ach is féidir linn leanúint ar aghaidh, ach beidh orm caoi a chuir air leis an gcéad stráca eile. Mar sin leanas ar aghaidh.


Bhí sé ag éirí an-deacair na crampaí a úsáid chun an planc a fháscadh suas i gceart de deascaibh an cuar sa chabhail. Mhol Liam teicníc nua eile dom agus bhí sé i bhfad ní ba fhearr.
Ghreamaigh mé bata darach leis na frámaí fén planc le cúpla chrampa (fáiscthe an-daingean) agus chuireas slat bogadhmad in aghaidh bun an planc (chun é a chosaint) agus bhualas dingeacha eatarthu chun brú a chuir suas ar an bplanc ós a gcionn.
Bhogas an gléas go léir síos fad an planc ag tairneáil ar an tslí.




Sin déanta bhí sé in am na leitheadaí an chuid eile den stráca a thomhas.
Agus bhí sé sin an rud deireanach den lae.

Seachas ionadh nach deas nuair a chuas ar ais go dtí an carr.

No comments:

Post a Comment