07 June 2018

07/06/2018 - Treorán

Ar ais arís agus brú amháin deireanach an bád a a ullmhú le dul ag snámh roimh an samhraidh.

An chéad rud ná an deic tosaigh a chríochnú. Nuair a d'fhágas ceithre sheachtain ó shin bhíos tar éis an Sikaflex a chuir, ach ní raibh an deis agam é a ghlanadh agus a chóiriú i gceart.
Tá cum níos fearr ar sin, ach fós tá an clár laistigh ar chlé suite ró-íseal agus ní féidir liom aon rud a dhéanamh fé anois.
Bhí orm píosa beag Sikaflex breise a chuir ann ina dhiaidh sin, ach ní bheidh orm fanacht 4 sheachtain lena ghlanadh an uair seo.
Tháinig Liam chun cuairt orm agus phléamar an adhmadóireacht fós le déanamh.
Tá na leapacha iomartha, an treorán tosaigh, cóiriú an stuimine agus an stiúir le déanamh. Ina dhiaidh sin tosnóidh an miotalóireachta.

Seo tús an chéad leaba.
Ní rabhas cinnte cén áit lena chuir - dar le Liam ba chóir go mbeadh siad 6 nú 7 orlach  taobh thiar den tafta, ach bhraith sé sin ró-ghar leis an rámhaí. Shuigh mé ar an tafta le slat adhmad i mo lámh, ag samhlaíocht gurab maide rámha ann, agus thosnaíos ag rámhaíocht. Bhogas an maide siar agus aniar go rabhas sásta leis an áit agus thomhas mé an fad ón tafta - deich orlach (nú mar sin de) a bhí ann.
Ach bhí a fhios agam go raibh iar-chomhghleacaí agam, Dave Nolan, ag deisiú sean-choite le déanaí, an saghas báid a bhfuil taithí againn beirt ag rámhaíocht ónar óige. D'iarr mé air an tomhas céanna a dhéanamh ar an gcoite, agus tháinig sé ar ais le 10.5". Bhíos sásta leis sin.




Tá dhá leaba ullmhaithe agam anois. Beidh dhá cheann eile ar a laghad le déanamh agam luath nú mall, ach sin mo dhóthain le dul amach ar an uisce ag an am seo.

Ansin thosnaíos ag smaoineamh ar an treorán.
Níor chonac riamh treorán adhmaid, mar sin níl agam ach an léaráid de Hanora le úsáid.
Níl ach an píosa beag amháin seo fágtha óna stiallacha daracha 4" ar tiús a fuaireas ó Donal O'Laoire i mí na Nollaig 2014.


Tá sé déanta anois, ach nílim réidh lena fheistiú fós.

No comments:

Post a Comment