16 June 2018

15/06/2018 - Greanáil, greanáil, greanáil agus an líne snámha

Tá mo lámha lag tar éis an maidin inniu. Tá an criosghreanóir sin láidir, ach tá sé chomh trom nach chreidfeá.



An greanáil déanta fé dheireadh, do bhí sé in am an líne snámh a tharraingt.
Tá an-chuid machnamh déanta agam ar an jab seo le tamall fada, tá físeanna ar YouTube feicthe agam fé agus araile. Tá caíonna éagsúla lena dhéanamh, agus níl ceann ar bith acu éasca le déanamh i do aonar. Ach rith sé liom inne go bhfuil urlár an bhothán cothrom (nú nach mór cothrom), agus go bhfuil an bád ar a cothromaíocht ceart ar na bloic; mar sin tá an líne snámha chomhthreomhar leis an urlár. Má thomhaisim suas (go ceartingearach) an fad céanna mórthimpeall an bháid bheinn ábalta an líne snámha a mharcáil i m'aonar.

Ar dtús thomhas mé aird an líne snámha ag an trasnán (ní féidir liom a bheith cinnte, níl ann ach tuairimíocht dáiríre). Ansin ghearras slat ag an fad céanna. Chuireas cos ceartingearach ag bun an tslat agus ghreamaigh mé leibhéal leis le téip.
Ansin thosnaíos ag dul timpeall ag marcáil an ard céanna ón urlár ar an gcabhail.
Ansin chuireas caolach ar na marcanna le tacóidí agus tharraingeas an líne eatarthu. Ansin chuimil mé an sábh trasna an chabhail in aice an caolach chun an líne a scríobh ann go buan.
Céim ar chéim leanas ar aghaidh timpeall an bád.






Bhíos sásta le mo chuid oibre, ach ag an deiridh cheapas go raibh an líne orlach nú dhó ró-ard. B'fhéidir go bhfuil, níl a fhios agam, ach ceapaim go bhfuil sé níos fearr ró-ard ná ró-íseal.

No comments:

Post a Comment