16 June 2018

14/06/2018 - Péinteáil laistigh agus coiriú lasmuigh

An tarna chóta péint lonrach taobh istigh agus is eagal liom go mbeidh orm spéaclaí sciála a chaitheamh as seo amach! 😎



Sin déanta, bhí a lán cóiriú fós le déanamh taobh amuigh.
Seo ceann de na rudaí nach mbíonn a fhios agam cathain go bhfuil sé déanta, nú sách maith fiú. An féidir liom a bheith sásta riamh? Cé chomh cóir is atá cóir? An féidir liom dul thar fóir? Ceapaim gur féidir.
An bhfuilim ag deifriú, ag glacadh le jab leath déanta? Níl a fhios agam ag an bpointe seo.


Thugas ligh leis an gcriosghreanóir ar an stuimine ag iarraidh ruaig a chuir ar mo chuid amhrais, ach níor oibrigh sé.
Mar sin thosnaíos an jab chruaidh an greanadh an cabhail.


Cúpla dhallán le sciotadh taobh amuigh freisin.





Ligh beag eile leis an gcriosghreanóir ar chúl an bháid agus b'in ea é inniu.


No comments:

Post a Comment