11 June 2018

11/06/2018 - Péinteáil 7 an stiúir

Agus anois an chéad cóta péint eile - Pre-Kote. Is fochóta é idir an prímeálach agus an péint lonrach a théann ar bharr.


Tá cuma iomlán difriúil ar an scéal anois!

Agus an péint sin ag triomú, thosnaíos ar an stiúir.
Dheineas dealbh ar dtús, pé mar is gnáthach.

Ansin mhol Liam níos mó adhmad a sciotadh den chíle in aice an post deiridh.


Sásta leis an gcruth sin, beag nú mór, leanas ar aghaidh ag gearradh amach é as píosa breá Dúghlais a fhuaireas ó Des Ronan.


Ansin bhí orm an dá phíosa a shiúntáil le chéile. Ag an bpointe sin ba chuimhin liom na laethanta fada a chaitheas ag siúntáil an trasnán, blianta ó shin anois.
Cé go bhfuil uirlisí níos fearr agam sa lá atá inniu ann, tá a fhios agam anois conas faobhar a chuir ortha agus conas iad a úsáid anois. Shiúntaigh mé  an dá phíosa seo le chéile go tapaigh agus go héasca; thógfadh sé an lá ar fad siar i 2015.
Mheascas suas beagán gliú eapocsach agus ghreamaigh mé le chéile iad.
Ansin dheineas cúpla pionna darach agus thiomáineas isteach tríd dhá pholl iad.


Sásta le mo chuid oibre, d'imíos abhaile.

No comments:

Post a Comment