08 June 2018

08/06/2018 - An píobán sceite

Ag leanúint ar aghaidh gan stad inniu agus an chéad rud ná an bhulcaid a ghreanáil.


Ansin d'uimhrigh mé na cláir urláir roimh iad a thógaint amach.
Agus seo an min sábh agus gearrthóga ar fad fágtha fén urlár!

Ar ball...

Ansin thosnaíos ag ullmhú an píobán sceite.
Ar dtús bhí orm an waterlock a fheistiú. Bhíos ag súil go mbeinn ábalta é a chuir fén seafta, ach is cuma céard a dhéanfainn, ní rabhas ábalta é a chuir ann.
Ag an deiridh chinneas ardán beag a dhéanamh cothrom leis an leaba innill. Beidh barr an waterlock os cionn an urlár agus bhíos ag súil é sin a sheachaint, ach caithfead é a ghlacadh anois. Tá saghas waterlock eile ann le cruth difriúil, agus b'fhéidir go mbead ábalta an ceann sin a fheistiú uair éígin eile, ach níl an t-am agam fé láthair.


Ansin bhíos réidh leis an píobán a chuir. Bhí cúpla poll le déanamh.

fad agus mé ag gearradh poill sa bhád, ghearras ceann amháin eile sa chabhail le haghaidh an uisce fuaraithe.
Ar aghaidh liom leis an bprímeálach arís ansin.




No comments:

Post a Comment