18 June 2018

18/06/2018 - Miotalóireacht

Leis an trí chóta prímeálach déanta thar an deiridh seachtaine, bhíos ábalta leanúint ar aghaidh leis an fochóta (Pre-Kote) inniu.



Ní eagal liom a rá go baineann an radharc an anáil díom.

Ach níl an t-am agam le bheith ag seasadh siar ag féachaint ar an radharc álainn - tá an-chuid miotalóireacht le déanamh timpeall an stiúir.
Ar dtús snoigh mé amach an rabóid le haghaidh an chéad strapa.
Ansin ghearras an strapa amach agus lúbas timpeall an stiúir é. Táim ag úsáid cruach dhosmálta (316). 

Bhí orm eitre a ghearradh insan cruach ag na cúinní chun cabhrú leis an lúbadh. Agus mar gheall ar sin bhí orm na n-eitrí a tháthú ag an deiridh.
An próiseas céanna leis an tarna strapa.

Ansin bhí na comhpháirtithe le déanamh ar an mbád féin.

B'in ea é leis an miotalóireacht inniu é. Bhí an dul chun cinn mall toisc go bhfuilim an-meirgeach leis an táthú (fiú agus mé ag obair le cruach dhosmálta 😄), agus tá fadhb agam le mo mhasc táthúcháin, ach tá súil agam go mbeidh feabhas ar an scéal amárach.
Rud amháin eile le déanamh roimh imeacht áfach, an tarna chóta Pre-Kote ar an cabhail.

No comments:

Post a Comment