13 June 2018

13/06/2018 - Péint lonrach, an stiúir agus an posta tosaigh

An chéad rud inniu ná an chéad cóta péint lonrach taobh istigh.

Ina dhiaidh sin d'fhilleas ar ais go dtí an stiúir.
Níl ach trí bholta 100mm ar fad fágtha agam, agus mar sin ní bheidh ach 3 bholta ann. An fhirinne a rá, b'fhearr liom boltaí 80mm ar fad nú 60mm fiú a úsáid toisc go bhfuil cuma an-thiubh ar an stiúir agus í 100mm ar tiúis.

Bhuel, sin an adhmadóireacht leis an stiúir críochnaithe. Chuireas beagán ola róis uirthi agus leagas go leataobh í. Tá an-chuid miotalóireacht le déanamh léi fós ach níl a cruach agam go fóill.

Mar sin chasas go dtí an stuimine, nú an post tosaigh. Bhí orm ball cóir agus galánta a dhéanamh as an bpíosa adhmad sin lán le cranraí agus scoilteanna.

Tar éis an líneáil leanas ar aghaidh leis an leis an locar agus an tarscamhaire agus measaim go bhfuil ball deas déanta agam as, ach níl sé foirfe cóir, an fhirinne a rá. Tá sé deacair líne cóir a fheiscint fiú insan áit cúng, sáinnithe, dorcha sin, agus conas líne cóir a phlánáil mar sin?






No comments:

Post a Comment