12 June 2018

12/06/2018 - Fochóta péint eile agus leanúint ar aghaidh leis an stiúir

Bhíos sásta le feiscint ar maidin gur chruaigh an gliú thar oíche. Caithfidh an meascán idir Cuid A agus Cuid B den eapocsach ag 5:1 go foirfe, nú ní oibreoidh sé i gceart. Ní rabhas go hiomlán cinnte fé tráthnóna inne.

Pé scéal é, bhí cóta eile fochóta de díth.


Tháinig an bataire i gcomhair an inneall inne agus bhíos sásta le feiscint go rachaidh sé fén garma rungála ceart go leor, ach bhíos buartha nach mbeinn ábalta bosca an bhataire a fháil a rachaidh ann - ach rith smaoineamh liom go raibh seans ann go rachaidh sé isteach i leath druma plaisteach 25 lítear. Iontas na n-iontais chuaigh sé isteach ann go foirfe!


Sásta leis sin, leanas ar aghaidh leis an stiúir.
Chuireas an dealbh suas uirthi agus mharcáileas amach an cruth arís.


An chéad rud eile le déanamh ná leicne an stiúir. Bhí siad éasca le déanamh, cé gur thóg sé beagán ama.

Sikaflex arís chun iad a leabaigh isteach.

Crampaí amháin thar oíche, cuirfead boltaí ann amárach.
Dála an scéal, bhuaileas le Liam ar mo shlí amach as an gclós agus d'fhiafraigh sé díom conas a bhí ag éirí liom. Thugas mo thuairisc do agus d'fhiafraigh sé díom arís an rabhas tar éis Sikaflex a chuir ann, d'fhreagair mé go rabhas agus dúirt sé go raibh botún ann. Ba chóir dom na strapaí a chuir timpeall an stiúir roimh na leicne.
Damhnú!

No comments:

Post a Comment