10 June 2018

09/06/2018 - An t-urlár

Fiú an Sathairn atá ann níl an t-am le chuir amú - síos go dtí an clós liom.
An chéad rud ná prímeálach a chuir ar na garmana rungála.

Agus ansin na cláir urláir. Chinneas ar Cuprinol a chuir orthu. Níl sé deartha le haghaidh báid, ach tá súl agam go n-oirfidh sé na cláir urláir.


Leis an ghrian ag scoilteadh na gcloch, agus mé ag dó fé, bhí an prímeálach tíortha go maith laistigh sa bhád. Deis agam anois cóta Danboline a phéinteáil.


Fén am sin bhí an prímeálach tíortha ar na garmna, agus chuireas cóta Danboline ortha freisin.


No comments:

Post a Comment