21 June 2018

21/06/2018 - An lá deirineach, an stiúr crochta.

Ag an gclós breá luaith ar maidin chuireas an tarna chóta péint lonrach bán ar an gcabhail sara chasas ar ais chuig an fíor obair.



Agus na gustúin creimneáilte inne bhíos ábalta iad a thógaint anuas agus an táthú a dhéanamh i gceart ag an mbíse. Cé go bhfuil siad bead, tá an táthú seo beagáinín casta do oibrí amaitéarach cosúil liomsa. Ní hamháin táthú filléadach atá de díth ach táthú ilgheábha freisin.


Ar a laghad bhí mo mhasc táthúcháin ag obair i gceart arís agus bhíos ábalta mo chuid oibre a fheiscint agus mé ag obair uirthí!


Siad déanta, bhíos réidh leis na pionnaí a tháthú leis na strapaí ar an stiúir, ach ar dtús bhí orm spásairí a chuir ar na strapaí.


Bhí an céim seo beagán amscaí le déanamh i mo aonar, ach d'éirigh liom le cabhair ó cúpla chrampa.
Le gach rud ina áit ceart, na gustúin ar an mbád, an barra síos tríothu agus na strapaí ar an stiúir i dteagmháil leis an mbarra, chreimneáil mé an barra leis na strapaí. Ansin bhaineas an stiúir de na strapaí agus chreimneáil mé beagáinín ní ba mhó iad.


Ansin bhí muinín agam nach mbogaidís agus ghearras an barra chun trí phionna a dhéanamh as.
Ansin thógas amach go dtí an bhís iad le tháthú i gceart.

Nach mór ag deiridh an lae, ní raibh ach rud amháin le déanamh, na boltaí a chuir tríd na strapaí. Cheapas go mbeadh jab éasca ann, ach ag an deiridh ba é an rud ní b'amscaí an lae é.
Bhí sé an deacair an stiúir a choimeád socair ar an druilire seastáin agus dá bhrí sin bhris mé a lán béalmhíreanna
Ag eirí tuirseach agus crosta, ag an deiridh bhíos ábalta an stiúir a chrochadh roimh imeacht. Níl sí críochnaithe fós, chaithfead Sikaflex a chuir fé na strapaí, ach sin é.

Is oth liom a rá go bhfuil sé sin é an saoire seo. Táimid ag imeacht ar laethanta saoire amárach ar feadh seachtain agus go gairid ina dhiaidh sin bead ag imeacht ar ais ag obair.
Níos measa fós nuair a bhead ar ais abhaile i mí Lúnasa ní bhead ábalta teacht ag obair ar an mbád toisc go mbeidh na páistí ar saoire ón scoil fós.
Só, mar seo a suífidh sí go dtí mí Meán Fómhar. Níl ach deich lá oibre, nú mar sin go mbeidh sí réidh le snámh ach fanfaidh sí ar an tír tirim thar an tsamhraidh.





No comments:

Post a Comment