17 January 2021

17/01/2021 - Fuáil, fuáil, fuáil.

Cén lá atá ann inniu? Dé Domhnaigh.
Cad atá ar siúl agat inniu? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Tuilleadh fuáil. An lá ar fad!

 

Leanas ar aghaidh leis an mbanda cinn maidin inniu.
Nílim ag áireamh na greama, ach chaithfidh go bhfuil mílte acu déanta agam cheanna féin.

Le gach cuid a dheinimse, tagann cuma seoil níos mó agus níos mó ar an mbailiúchán éadaí atáim ag greamú le chéile anseo.
Ach mar sin féin, tá sé soiléir dhom nach mbeidh an cruth ró-chóir ar an tseoil seo.

 

Pé scéal é, an ceann déanta, thosnaíos ar an ciumhais.



 

No comments:

Post a Comment