16 January 2021

15/01/2021 - Ag fuáil na bandaí neartaithe

Bhuel, seo mé i dTaipei agus coicís fada leadránach romham istigh i seomra óstáin.
Seo mo tharna choraintín, agus nílim ag súil leis, ach ar a laghad tá obair fónta le déanamh agam an uair seo.
Cé ná fuil an inneall fuála agam anseo, ceapaim go mbeidh an-chuid dul chun cinn leis na seolta i láthair.


Gan aon agó, thosnaíos ag leagaint an banda amach ar an íochtar.


Agus ansin thosnaíos ag déanamh greama lasctha. Ar aghaidh agus ar aghaidh...an lá ar fad!





Nuair a bhí taobh amháin déanta, dheineas iarracht an meana fuála a úsáid le haghaidh and taobh eile, ach bhí sé ró-dhorcha fén am seo agus chinneas éirí as tar éis tamall beag.






 

No comments:

Post a Comment