20 January 2021

20/01/2021 - Preabán an tróit agus preabán an taca

Bhí an tarna sraith greama le déanamh fós ar an gcéad phreabán maidin inniu.
Chinneas triail a bhaint as snáthaid cuartha, ach thugas fé ndeara go tapaigh go raibh sé níos deacra ná an gnáth snáthaid. Bhí sé ciotach i mo lámh, mall le húsáid, agus deacair greama slachtmhar a dhéanamh leis.

Mar sin féin, fiú leis an gnáth snáthaid, bhí sé deacair sraith greama a dhéanamh gan filltín a dhéanamh ag an am céanna.

Leis an trót déanta, thosnaíos ar an dtaca ansin.



Tá an chéad sraith greama críochnaithe anois, an tarna sraith amárach.

 

No comments:

Post a Comment