22 January 2021

22/01/2021 - An spuaic críochnaithe, and ag ullmhú an cluaisín

Ag fuáil arís ar maidin.
Anseo táim ag baint úsáid as duán déantóir seolta chun breith ar an seol. An "tríú lámh" ag an déantóir seolta a thugtar air.

Agus ag an deiridh, an tarna sraith déanta.

Mar a cheapfá, tá an scéal níos castaí ag an cluaisín. Tá trí phreabán le déanamh ann, agus ba chóir go mbeidh an ceann sa lár, an "strainer" ag dul díreach ón gcluaisín i dtreo an lár iarrachta.
Cé go bhfuil an líníocht seo déanta agam, i ndáiríre nílim ach ag tomhais cá chuirfinn é.

Tá saghas éigin "díolúine an ealaíontóra" i gceist anseo. N'fheadar an féidir le éinne a rá go bhfuil sé ceart nú mícheart.



Tá sé réidh leis an fuáil a thosnú arís maidin amárach - dar ndóigh!
 

No comments:

Post a Comment