19 January 2021

19/01/2021 - An chéad phreabán

Cén lá atá ann inniu? Dé Mart.
Cad atá ar siúl agat inniu? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Tuilleadh fuáil.

An chéad jab ar maidin ná banda neartaithe an leithead tosaigh a chríochnú.

Agus sin déanta, tá sé beagán níos córa ná a bhí roimhe, ach fós nach ceart.

Bhí sé ar intinn agam na bandaí neartaithe go léir a dhéanamh ar dtús, ach táim bailithe bréan leo anois. Tá na bandaí ar an tseoil mór déanta, ach fágfad an seol cinn go leataobh tamall.
Ina áit, leanfad ar aghaidh leis an tseoil mór - tá neart fós le déanamh, agus an chéad rud ná preabáin in gach cúinne de.

Seo í an phróiseas, céim ar chéim, tá na fótagraif réasúnta follasach:







Is cuimhin liom i 2004, bhíos ag obair ar long seola darb ainm Tenacious. Bhi an máistir, John Fisher, ag déanamh roinnt oibre ag deisiú na seolta ag an am, agus duirt sé liom lá go raibh sé tábhachtach gan na greama a dhéanamh ró-theann. Chaithfidh an seol a bheith in ann síneadh i gcónaí, agus má tá na greama ró-theann beidh filltíní sa seol. Tá sé deacair go leor na greama a dhéanamh anseo, gan iad a bheith ró-theann.

 

 

No comments:

Post a Comment