09 January 2021

09/01/2021 - Tuilleadh "tabling".

 Chríochnaíos na ceithre bhanda neartaithe don tseoil mór inne agus leanas ar aghaidh leo ar an tseol cinn inniu.

Cruth an tseoil soiléir le feiscint sa bhanda anseo


Agus an banda deireanach gearrtha amach agam, ní raibh ach píosa beag agus roinnt gearrthóga fágtha den rolla éadaigh.


Gach banda réitithe agam, d'fhilleas na seolta agus bandaí suas, agus chuireas isteach i mo mhála iad.
A chéad uair eile a chífidh siad seo solas na gréine beidís (agus mé féin) i Taipei, Taiwan. Tá coicís coraintín le déanamh agam ann, agus tá súil agam go mbead ag chaitheamh ana-chuid den am sin ag dul chun cinn leis na seolta.


 

No comments:

Post a Comment