31 January 2021

31/01/2021 - Ag tosnú and triú chúrsa.

Saor ón óstán coraintín, thógas an seol suas go dtí doichead na loinge chun é a shíneadh amach agus a mhesúnú.
Thomhaiseas suas 65cm ón dtarna chúrsa agus mharcáileas an triú chúrsa ann.

Beidh na preabáin réasúnta beag ag an triú chúrsa. Tá súil agam nach mbeidís ró-bheag.



Seo mar atá sé ag an triú chúrsa - fós ró-mhór b'fhéidir i ngaoithe láidre, ach nílim cinnte fós cé chomh láidir go mbeadh an ghaoth le bheith "ró-láidir".
Ag an bpointe sin ní bheadh an tarna rogha agam ach é a chornadh agus leanúint ar aghaidh leis an seol cinn amháin.

Tá rún agam seol ainlithe (seol gaoithe móire) agus jib gaoithe móire a dhéanamh freisin, ach sin jab le haghaidh coraintín eile measaim!

Dála an scéal, tá taoibh na cearnóga siúd ar an úrlar 60cm ar fad.
Ritheann sé liom díreach anois go féidir liom achar an seol a mheá leis na cearnóga siúd.

Más buann mo chuimhne, chun an achar a thomhas, ní mór duit gach cearnóg lán a áireamh, agus gach ceann atá níos mó ná leath-lán.
Measaim go bhfuil 28 cearnóg san áireamh mar sin.
28 x (0.6 x 0.6) = 10.08m², beag nú mór. Ceapaim anois, nuair a bhead críochnaithe leis an tseoil, déanfad an mheá chéanna ar an dtarna chúrsa, an chéad chúrsa agus an seol iomlán.

Ceist tábhachtach eile ná - cá bhfuil an lár iarrachta?
Ag féachaint ar an tseol sínthe amach anois, déarfainn go bhfuil sé gar le cearnóg 13 sa fótagraif thuas.
Ní fólair leis an bpreabán teanntaithe a bheith ag díriú i dtreo an spota sin.
Measaim anois go bhfuil an preabán teanntaithe an dtarna chúrsa ag díriú ró-ard sa seol.


Sin déanta, ní raibh le déanamh ach dul ar ais go dtí an fuáil.
Thosnaíos le preabán an taca ar dtús.




No comments:

Post a Comment