18 January 2021

18/01/2020 - Ag dul as mo mheabhair leis na bandaí neartaithe.

Cén lá atá ann inniu? Dé Luan.
Cad atá ar siúl agat inniu? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Fuáil.
Agus ina dhiaidh sin? Tuilleadh fuáil. An lá ar focan fad!

 

 Snáthaid. Snáithe. Greama. Trilseáin. Greama, greama, greama. Ó mhaidin go hoíche.




Greama, greama, greama. Seans go mbeidh orm dul thart ar na píosaí seo arís leis an inneall fuála ag an mbaile. Nílim cinnte an bhfuil siad sách láidir.

An droim déanta (ag an deiridh), thosnaíos ar an leithead tosaigh.


Cinnte go bhfuil fadhbanna leis an gcuid seo, ach bhíos ábalta beagáinín cóiriú a dhéanamh leis an mbanda.

 

No comments:

Post a Comment