23 January 2021

23/01/2021 - Ag críochnú an preabán teannta.

An chuid is mó den lae caite ag chuir an tarna sraith greamanna ar an bpreabán teannta, nú an "strainer patch" mar a thugtar air i mBéarla.
Próiseas mall go leo atá ann, ach in ainneoin sin, fós táim ag déanamh botúin, agus níl na greamanna chomh slachtmhar agus ba mhaith liom. Ach mar a dúirt Voltaire "Il meglio è l'inimico del bene" nú "Is é an deach é namhaid an maith".


Leis an bpreabán sin déanta, thosnaíos ag leagaint amach an chéad phreabán eile ag an cluaisín. (Tá trí cinn ann ag an gcluaisín ina iomlán.)
Tá sé réidh anois le fuáil amárach. Táim ag súil leis 😩





No comments:

Post a Comment