16 January 2021

16/01/2021 - Ag fuáil bandaí neartaithe

I solas geall na maidine, thugas fé deara gur dheineas praiseach leis an meana fuála aréir.

Tá sé soiléir go bhfuil an snáithe seo i bhfad ró-mhin le haghaidh an uirlis seo - ar a laghad nuair ná fuil ach duine amháin á a fheidhmniú.

Mar sin, ní raibh an tarna rogha agam ach leanúint ar aghaidh sa tsean-stíl - le snáthaid agus snáithe.


Le íochtair an tseoil déanta timpeall am lón, chasas timpeall é agus thosnaíos leis an gceann.
 



 

Ag deiridh an lae, bhí taobh amháin den banda cinn déanta.


 

No comments:

Post a Comment