01 October 2016

30/09/2016 - Puinseáil


Bhí leaid as Inis Eoghain darbh ainm Élan Broadley ag cabhrú liom ar maidin leis an puinseáil. Tá sé anseo ag obair ar an Ilen, ach bhí cúpla uair an chloig saor aige le tabhairt dom.
Agus mise taobh amuigh leis an bpritil tairní agus an casúr bhí Élan laistigh le smíste ag brú an na frámaí le nach mbrisfí iad agus mé ag bualadh na tairní isteach ní ba fhaide.

Tá sé deacair é a fheiscint as na fótagraif seo, ach tar éis an puinseáil bíonn cinn na tairní istigh fé dromchla adhmad na strácaí.


Chomh maith le sin, tá na plainc chomh daingean leis na frámaí is go mbeidís anois. Mar a fheiceann tú as na pictiúir roimh an puinseáil thuas agus tar éis an puinseáil thíos, tá cuid maith den mí-cothromas imithe anois. Peo!
An chéad rud eile ná na himill a líomhadh agus a chóiriú leis an locar.


Bhí sé soiléir go raibh fadhb agam ag deiridh an bád leis na scéimheanna ar na strácaí. Ní raibh siad cóir agus bhí orm iad a sciotadh leis an sábh. Ceapaim go bhfuil an fráma breise in aice an trasnán tar éis crapadh nó laghdú thar na míonna agus dá bhrí sin tá sórt ascaill nó cuas ann.



Agus ansin ar aghaidh liom ag déanamh tús leis an gcriosghreanóir.

No comments:

Post a Comment