06 October 2016

05/10/2016 - Ag sciotadh tairnaí agus ag déanamh simí.


Thógas an clár deireanach ón gcéad baisc a fhuaras ó John Harringer, nach mór dhá bhliain ó shin.
Tosnóidh mé an stráca uachtair le seo.


Chruaigh an eapocsach thar oíche agus is féidir liom na stopalláin a sciotadh anois.
Feicim anois cad atá i gceist ag Matt. Á bhuel, cén dochar?












Ansin chas mé mo aird ar na tairní atá ag giobadh amach as na frámaí. Ní mór dom rud éigin a dhéanamh leo.
Ar dtús thriail mé as il-uirlis creathach chun é a sciotadh, ach ní dhearna sé tada ach an fráma a loisceadh.


Mar sin, bhí orm é a dhéanamh sa tseanslí, le lann sáibh mhiotail. Obair mall agus míchompordach a bhí ann.












Nuair a d'fheistigh mé an chéad stráca ar na frámaí, táim sách cinnte gur shuigh siad go deas néata faoin eang sna frámaí. Ba chóir go mbeidh taobh an stráca go foirfe cothrom le taobh an fráma os a cionn, ach anois níl sé ag cuid maith de na frámaí. N'fheadar an raibh siad mícheart ón gcéad lá nó ar chrap na frámaí, ach pé scéal é, ní mór dom simí a dhéanamh anois chun na bearnaí a líonadh.






Ag gearradh na simí.

John ag déanamh breith ar an dul chun cinn.
Na simí á ghreamú leis na frámaí.


No comments:

Post a Comment