13 October 2016

13/10/2016 - Ag coiriú an lagbhord ar an taobh deasbhord.

Do tháinig 'An Bas' chugam sa chlós maidin inniu chun an dul chun cinn a iniúchadh...agus chun cabhair a thabhairt dom an líne lagbhoird a aistriú go dtí an taobh deasbhoird leis an leachtleibhéal.
Tá súl agam go raibh sí sásta leis an méid atá feicthe aici.

Agus sinn ag déanamh an tasc sin thugas fé deara go bhfuil an bád tar éis stangadh nó crapadh beagáinín ónar chuireas na strácaí ag an mbarr. D'iarr mé é a chuir i gceart agus go díreach leis na cosa, ach fós táim saghas buartha fé.



Ansin leis an tíoránach imithe thosnaíos ar an cácáil.


Dhá sraith arís. Ní ba dheacra fiú ar an taobh seo ná an taobh eile.



Anois táim beagnach réidh chun an spiling a dhéanamh ar an taobh seo, ach ar dtús caithfidh mé slat caol fada a chuir suas in aice na línte a dheineamair maidin inniu. Chífad ansin an bhfuil nó ná fuil sé cóir. Ach tá mo slata fada go léir briste nó damáiste beag nó mór. Mar sin fuaireas trí cinn beaga agus ghliúáil mé le chéile iad. Beidís réidh le húsáid amárach.

No comments:

Post a Comment