11 October 2016

11/10/2016 - Ag críochniú an chéad píosa den stráca uachtair agus ag tosnú ar an tarna phíosa.

Díreach sara chuir mé an stráca suas ina áit, dúirt Liam liom go gcaithfidh mé cruth cruinn a chuir ar an bhfaobhar ar bun. Ba mhaith an rud é go raibh plána múnlála cuasach agam sa bhaile.








Spota beag péint in aice na frámaí agus ar an rádal agus tar éis an cupán tae bhí sé réidh le cuir suas go buan.


Suite isteach i gceart leis na teanntáin.

Agus ansin na tairní. Trí cheann i ngach fráma an uair seo, ceann amháin ag an mbarr, ceann eile díreach os cionn an eang sa fráma agus ceann eile tríd an dá phlanc ag an rádal.

Mar a mhol Liam, d'fhágas an trí fráma deireanach gan tairní ó eagla go heagla go mbeidh orm beagáinín coigeartú a dhéanamh ag an mbun in aice leis an dtarna phíosa.
Bhíos sásta leis an obair, ach chomh luath is a sheas mé siar chun féachaint air, chonac go raibh cnapóg, nó píosa ard idir frámaí uimh. a 6 agus uimh. a 7. Cén fáth nach bhfaca mé é agus mé ag plánáil roimh ré? N'fheadar, ach níl a lán le déanamh anois fé.
Gan aon ró-mhoill, chas mé ar an obair arís chun an cuid eile a dhéanamh.
Tá sé deacair an bunlobhadh a sheachaint, ach táim. In ainneoin sin braithim go  bhfuil an t-adhmad sa chrann seo níos boige ná na cinn roimhe seo, ach go háraithe agus mé ag gearradh leis an sábh ciorclach. B'fhéidir go bhfuil sé sin toisc go bhfuil na cláir seo níos fliche ná na cinn eile, ach b'fhéidir go bhfuil míniú eile ann. Tá siúil agam ná fuil an crann go léir beagáinín lofa, nó ag éirí lofa.
An gnáth próiseas ar siúl anseo, spiling, líneáil, leitheadaí, gearradh amach, agus sin é don lae.




No comments:

Post a Comment