21 October 2016

21/10/2016 - Ag críochniú an stráca uachtair.

Lean mé ar aghaidh ag cruthú an ball tosaigh den stráca seo ar maidin.
Mhothaigh mé go raibh an t-adhmad beagáinín bog anseo, agus tá súil agam ná fuil sé ag éirí lofa, ach tá an snáithe cuimseach leathan, b'fhéidir ba é sin an fáth.
Mar a fheiceann tú thíos, bhí cúpla fhadhb agam freisin.
An rabóid. Bhíos beagáinín ní ba chúramaí an uair seo.
Níos mó feistiú ag an rabóid tosaigh agus ligh beag prímeálach.
Ach ansin, nuair a bhís ag tairneáil ón stuimine siar - tubaiste. Craic mhór sa stráca. Ritheas chun comhairle Liam a fháil.
D'aithin sé mo fhadhb go díreach - bhí deiridh an plainc ró-chúng istigh in aice na frámaí agam agus bhí an teanntán ró-ard ar an bplainc. Ba choir dom píosaí adhmad a úsáid chun an ualach a síneadh amach, nó b'fhéidir teanntáin ní ba dhoimhne a úsaid.
Mhol sé gliú eapocsach a chuir isteach agus crampaí eile a chuir ann, agus lean ar aghaidh.
Rud a rinne mé.
Chuireas tairne beag suas ón mbun freisin chun é a choimeád dúnta go dlúth. Seans go tógfad amach é ag an deireadh agus b'fhéidir scriú fada a chuir ann.
Agus ansin lean mé ar aghaidh mar a mhol sé.

Bhí beagáinín obair le déanamh ag an mbun toisc ná raibh mo chuid spiling ró-mhaith, ach in ainneoin sin, ní raibh sé ró-dhona ag an deiridh.
Seo an lá deireanach sa chlós an turas seo, agus ag an bpointe seo, de gnáth, bím sórt mothúchánach agus ba bhreá liom a lán fótagraif a fháil - thugann sé misneach dom, agus mé ag obair ar an bhfarraige, féachaint ortha!



Tá sí ag teacht le chéile anois cinnte.














An radharc isteach an doras agus mé ag imeacht.

No comments:

Post a Comment