03 October 2016

03/10/2016 - Greanáil agus plánáil


Tá an maidin ar fad caite agam ag greanáil an cabhail agus féach ar na torthaí!
D'úsáid mé crios grean 60 an uair seo ach níl seo ach an chéad babhta. Ina dhiaidh seo bead ag úsáid 100, 1800 agus b'fhéidir 240 chomh maith. Ach beidh sin i bhfad amach anseo.

Tá an criosghreanóir chomh trom sin bhí mo lámha is mo ghualaí ag titim díom ina dhiaidh, ach bhíos chomh sásta leis an iarmhairt lean mé ar aghaidh gan stad.





An chéad babhta déanta ar an taobh clébhoird, thosnaíos ar an taobh deasbhoird.



Agus an fhadhb díreach céanna le cuas idir an trasnán agus fráma uimh. a 20, agus a réiteach céanna freisin.





Táim sásta le mo chuid oibre inniu, agus tá tuilleadh le déanamh amárach.


No comments:

Post a Comment