20 October 2016

20/10/2016 - An cuid tosaigh den stráca uachtair deasbhoird.


Is cosúil nach rabhas ró-chúramach ag déanamh an rabóid. Tá bearna mór ann anois, agus níl a lán le déanamh fé.


Ag marcáil agus ag gearradh an bun.


Réidh le tairneáil anois.
Draíocht!
Agus anois an spiling i gcomhar an cuid eile den stráca ar chlár glan nua eile. Ní bheidh mo dhóthain adhmad agam ag an ráta seo.

Ag lorg an líne cóir. Bíonn orm na tairne nó dhó a bhogadh isteach nó amach beagáinín chun cruth sásúil a fháil.


Chomh cóir agus is féidir liom a dhéanamh, tá sé réidh le ghearradh amach.

Chroch mé suas é agus d'fhág mar sin thar oíche le síneadh amach.




No comments:

Post a Comment