07 October 2016

07/10/2016 - Ag tosnú ar an stráca uachtair.

An gliú go léir crua ar maidin, thosnaíos ag coiriú ar an dtaobh deasbhoird.




Ansin d'iarr mé ar Liam a shúil a chaitheamh ar an líne lagbhoird. Ta sé seo tábhachtach. Muna bhfuil an líne lagbhoird i gceart beidh cuma aisteach ar an mbád ar fad.



Ansin thomhas mé na leitheadaí agus scríobh mé in aice na frámaí iad.


Ansin ar ais ag an sean-cleas - an spiling.


An marcáil amach an líne lagbhoird.



Liam ag coimhéad a shúil ar an obair.
Ag marcáil na leitheadaí.
Ag líneáil amach bun an stráca.

Réidh le gearradh amach.


Tríd a tiúsóir. Beidh na strácaí uachtair 7/8 orlach ar tiús seachas 13/16 orlach mar gach stráca eile.
Chuireas suas é le síneadh amach thar an deiridh seachtaine.


No comments:

Post a Comment